Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
An Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh

Saoránaigh a chur i gcroílár an phróisis cheaptha beartais

Úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh, le chéile

Tá an tAontas Eorpach ag glaoch ort. An bhfuil tú le freagairt? Nuair a d’iarr an Coimisiún Eorpach ar Csenge, Conall, agus ar 148 saoránach eile den Aontas a roghnaíodh go randamach plé a dhéanamh ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh sa Bhruiséil, ghlac siad leis an dúshlán. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar chuir a nguth leis an bplé?
Féach leat an dóigh ar éirigh leo ar an bPainéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

Torthaí an Phainéil agus obair leantach

Plean Gníomhaíochta na bPobal Fuinnimh

Mar chuid de Phacáiste Fuinnimh na Saoránach, ullmhóidh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta na bPobal Fuinnimh freisin, lena dtacófar leis an Aontas agus lena Bhallstáit dlús a chur le forbairt pobal fuinnimh, mar a mhol an painéal. 

Chun trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú, reáchtálfar Imeacht Aiseolais an 6 Feabhra 2026, ina míneoidh an Coimisiún Eorpach an chaoi a bhfuil moltaí na saoránach á gcur i bhfeidhm aige. 

Chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mholtaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh

Cén chaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach tairbhe na héifeachtúlachta fuinnimh a chur ar fáil do shaoránaigh, d’údaráis phoiblí agus d’fhiontair?

Amlíne

Bhí an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar siúl thar thrí dheireadh seachtaine idir Feabhra agus Aibreán 2024

  1. 23-25 Feabhra
    Seisiún 1 – an Bhruiséil
    • Na chéad smaointe is mó a bhfuil, dar leis na rannpháirtithe, gealladh fúthu don chleachtadh seo a mhalartú
    • Réamhrá maidir le ‘héifeachtúlacht fuinnimh’: an méid atá i gceist leis agus an méid atá ar siúl cheana féin chun feabhas a chur uirthi, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.  
    • Tionchar agus éifeacht na héifeachtúlachta fuinnimh ar ár saol laethúil a aithint, agus bealaí chun tairbhe iomlán a bhaint aisti.

    Taifeadtaí 23 Feabhra 2024 | 25 Feabhra 2024

  2. 15-17 Márta
    Seisiún 2 – ar líne
    • Athbhreithniú ar Sheisiún 1 agus forbairt smaointe de réir téama agus ábhair.
    • An chéad chéim maidir le moltaí a fhorbairt.

    Taifeadtaí 15 Márta 2024 | 17 Márta 2024

  3. 12-14 Aibreán
    Seisiún clabhsúir – an Bhruiséil
    • Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus na moltaí don Choimisiún Eorpach.
    • Míniú ar na chéad chéimeanna eile - an tionchar ar cheapadh beartas agus tráth aiseolais.

    Taifeadtaí 12 Aibreán 2024 | 14 Aibreán 2024