Polaitíocht ón mbun aníos: an turas trí na Painéil Saoránach
Dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí le chéile
Thar thrí dheireadh seachtaine, chuaigh 150 saoránach den Aontas a roghnaíodh go randamach i mbun plé maidir le conas dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí. An toradh: In ainneoin gur téama íogair atá ann agus an baol go mbeadh mothúcháin agus deighiltí láidre ann, bhí díospóireacht chuiditheach mheasúil ag na painéalaithe. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar úsáid siad a gcuid léargas an-phearsanta chun 21 mholadh nithiúla a chruthú don Choimisiún Eorpach?
Féach air anseo!
Úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh, le chéile
Tá an tAontas Eorpach ag glaoch ort. An bhfuil tú le freagairt? Nuair a d’iarr an Coimisiún Eorpach ar Csenge, Conall, agus ar 148 saoránach eile den Aontas a roghnaíodh go randamach plé a dhéanamh ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh sa Bhruiséil, ghlac siad leis an dúshlán. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar chuir a nguth leis an bplé?
Féach leat an dóigh ar éirigh leo ar an bPainéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.
Painéil atá tugtha i gcrích

Cad iad na tosaíochtaí ar cheart buiséad an Aontais a chaitheamh orthu amach anseo?
Cad iad na cineálacha gníomhaíochtaí ar cheart tacaíocht bhuiséadach an Aontais a bheith ina cuidiú chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach?

Conas is féidir leis an Aontas an fuath sa tsochaí a chomhrac?

Cén chaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach tairbhe na héifeachtúlachta fuinnimh a chur ar fáil do shaoránaigh, d’údaráis phoiblí agus d’fhiontair?

Conas is féidir linn deiseanna soghluaisteachta foghlama a chur ar fáil do chách?

Cén fhís agus cé na prionsabail agus na gníomhartha is ceart a bheith mar threoir agus domhain fhíorúla atá inmhianaithe cothrom á bhforbairt?

Cad iad na gníomhaíochtaí is ceart do Bhallstáit an Aontais, do ghníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia, do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí eile a dhéanamh chun dlús a chur leis an iarracht chun an cur amú bia a laghdú?
Cad iad na Painéil Saoránach Eorpach?

Saoránaigh a roghnaíodh go randamach as gach ceann de na 27 mBallstát, tagann siad le chéile ar na painéil chun plé a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach maidir leis na príomhthograí a bheidh ann amach anseo agus a mbeidh tionchar acu orainn go léir.
Ar na Painéil Saoránach Eorpach oibríonn rannpháirtithe le chéile i ngrúpaí beaga (thart ar dháréag an ceann) agus go léir le chéile (i seisiúin iomlánacha). Cuireann foireann éascaithe tacaíocht ar fáil.Bunaithe ar an bplé, déanann na saoránaigh moltaí don Choimisiún Eorpach lena meas, agus beartais agus tionscnaimh á sainiú aige.
Cén dóigh a n-oibríonn Painéal Saoránach?
- Seisiún 1Smaointe a spreagadh
Is é cuspóir an chéad seisiúin smaointe a spreagadh agus na cineálacha cur chuige is fearr leis na saoránaigh a fhorbairt agus a ghrúpáil chun plé a dhéanamh orthu sna seisiúin atá le teacht.
- Seisiún 2Athbhreithniú agus mionchoigeartú
Is é sprioc an tseisiúin seo tógáil ar an gcur chuige a comhaontaíodh sa chéad seisiún agus moltaí tosaigh na saoránach a dhréachtú. Tar éis próiseas atriallach ‘piarmheasúnaithe’, déanann na saoránaigh athbhreithniú ina meithleacha ar obair a chéile agus cuireann siad leis an obair sin, rud a spreagann smaointe eile. Is é an méid sin a bheidh mar bhonn ag an bpainéal chun a mholtaí deiridh a fhorbairt le linn an tseisiúin deiridh.
- Seisiún clabhsúirConclúid
Leis an seisiún clabhsúir, cuirtear conclúidí na ndíospóireachtaí, mar aon le moltaí an phainéil, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, mar chuid den phacáiste a ghabhann leis na tograí ábhartha.
Cén dóigh a roghnaítear saoránaigh?

Thart ar 150 saoránach ó na 27 mBallstát, a roghnaítear go randamach

Ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht an Aontais Eorpaigh – tíreolaíocht (uirbeach/faoin tuath), inscne, aois, oideachas, cúlra socheacnamaíoch, íomhá den Aontas

Is daoine óga iad 1/3 de na rannpháirtithe (16-29 bliana d’aois)
Is trí roghnú randamach a earcaítear rannpháirtithe na Painéil Saoránach. Chun a chinntiú go léirítear sochdhéimeagrafach an Aontais sna painéil a mhéid is féidir, cinntítear leis an bpróiseas go mbíonn an earcaíocht ionadaíoch.
Is éard atá sna spriocfhigiúirí earcaíochta sonraí a tugadh ó na nithe seo a leanas:
- Eorabharaiméadar, suirbhé bliantúil an Aontais Eorpaigh ar thuairimí an phobail, agus
- Eurostat, Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh.
Cinntítear, le córas cuótaí, painéal atá cothrom ó thaobh inscne de, agus sonraítear gur daoine óga idir 16-29 bliana d’aois atá sa tríú cuid den phainéal. Saintréithe sochdhéimeagrafacha eile a chuirimid san áireamh, is leis na nithe seo a leanas a bhaineann siad:
- leibhéal oideachais
- suíomh geografach
- gairm bheatha.
Earcaítear rannpháirtithe ó gach Ballstát i gcomhréir le daonra an Bhallstáit sin, agus ionadaíocht chionmhar thar ghrúpaí éagsúla á cinntiú san am céanna. Chun a ráthú go mbeidh ionadaíocht ag na tíortha is lú fiú, tá beirt rannpháirtithe ar a laghad ó gach Ballstát. I gcásanna den sórt sin, ní féidir na catagóirí sochdhéimeagrafacha uile a léiriú laistigh de thoscaireacht tíre amháin, ach cinntítear éagsúlacht na gcatagóirí ar fud na bpainéal ina n-iomláine.
Déantar an próiseas roghnúcháin a athnuachan do gach painéal nua.
Tá sé ríthábhachtach painéil a earcú ina léirítear an éagsúlacht chun plé bríomhar a éascú agus chun a chinntiú go léireofar raon leathan dearcthaí agus tuairimí leis na pléití sin.
Gailearaí


Citizens' Panel on the new EU budget - family photoCitizens' Panel on the new EU budget - family photo European Citizens' Panel on the New EU Budget - votingEuropean Citizens' Panel on the New EU Budget - voting 

European Citizens' Panel on the New EU Budget - working groupEuropean Citizens' Panel on the New EU Budget - working group 

Tackling Hatred in Society HandoverTackling Hatred in Society Handover 

Tackling Hatred in Society Sub-plenary 1Tackling Hatred in Society Sub-plenary 1 

Panel on Energy Efficiency - recommendations handoverPanel on Energy Efficiency - recommendations handover 

Energy Efficiency Panel image 6Energy Efficiency Panel image 6 

Energy Efficiency Panel image 4Energy Efficiency Panel image 4 

Energy Efficiency Panel image 13Energy Efficiency Panel image 13 

Citizens' Panel on learning mobility - final group pictureCitizens' Panel on learning mobility - final group picture 

Learning mobility session 3 participant askingLearning mobility session 3 participant asking 

Learning mobility session 3 plenary votingLearning mobility session 3 plenary voting 

Learning mobility session 3 plenary groupLearning mobility session 3 plenary group 

Learning mobility session 3 plenary participantLearning mobility session 3 plenary participant 

Citizens' Panel on learning mobility - Session 3 participantCitizens' Panel on learning mobility - Session 3 participant 

Learning mobility session 3 plenary groupLearning mobility session 3 plenary group 

Citizens panel on virtual worlds - 3 participantCitizens panel on virtual worlds - 3 participant 

Panel on virtual worlds 3 - plenary 1Panel on virtual worlds 3 - plenary 1 

Citizens panel on virtual worlds - 3 ballot boxCitizens panel on virtual worlds - 3 ballot box 

Citizens panel on virtual worlds - 3 flip chartCitizens panel on virtual worlds - 3 flip chart



